Tionól na nDéise

08feb2:30 pm5:00 pmTionól na nDéiseTypeLiteraryCountyWaterford

Event Details

The first of Waterford City & County Council’s Tionól na nDéise 2020 lecture series will take place in Coláiste na Rinne, An Rinn on Saturday, 8 February at 2.30pm, as part of the weekend-long Tionól Niocláis Tóibín festival. Áine Uí Fhoghlú will give a talk, the title of which is “Amhráin agus amhránaithe an tseana-shaoil” on sean-nós singers and songs from the past and all are welcome to attend this free event.

Áine Uí Fhoghlú is a former secondary school-teacher, who recently retired from teaching to concentrate full-time on her writing. She is a published poet and author and the talk she will give will be based on her most recent book, Scéalta agus Seanachas, a beautifully produced hardback publication on folklore and memories from the Gaeltacht area of An Rinn and An Seanphobal, which was published just last year.  Áine will talk about sean-nós singers from the area such as Polly Ní Cheallaigh, Nioclás Tóibín, Eibhlís Tóibín, Bean de Paor and Máire Bateman, Bean Chúnúin and she will play extracts (both video and audiotapes) from her interviews with these wonderful singers.

In addition to Scéalta agus Seanachas, Áine has published three poetry anthologies, as well as a number of works of fiction, for adult learners of Irish, for teenagers and for Irish speakers.  She has won numerous literary awards and some of her work is now being studied as part of the school curriculum.

Tionól na nDéise is a series of talks organised each year by the Irish Office of Waterford City & County Council. This event is being organised in conjunction with the organisers of Tionól Nioclás Tóibín, and forms part of a busy weekend programme of events, including music and singing workshops, concerts and trad sessions.

Therefore, all are welcome to attend this free event, Tionól na nDéise in Ring College on Saturday, 8 February @ 2.30pm, where we will celebrate our rich Irish language culture and heritage.

Sí an file agus an t-údar, Áine Uí Fhoghlú a thabharfaidh léacht Thionól na nDéise de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge mar chuid de chlár imeachtaí Thionól Niocláis Tóibín, a bheidh ar siúl sa Rinn ón 7-9 Feabhra i mbliana. Labharfaidh Áine faoin dteideal “Amhráin agus amhránaithe an tseana-shaoil” i gColáiste na Rinne, Rinn Ó gCuanach ar an Satharn, 8 Feabhra ag a 2.30i.n. agus beidh fáilte roimh chách freastal ar an gcaint saor in aisce seo.

File agus údar í Áine a rugadh i Londain agus a tógadh sa Rinn agus beidh an chaint a thabharfaidh sí bunaithe ar leabhar álainn dá cuid a d’fhoilsigh sí anuraidh – Scéalta agus Seanachas: Béaloideas agus cuimhní cinn ó Ghaeltacht na nDéise. Díreoidh caint Áine ar amhránaithe sean-nóis ó Ghaeltacht na nDéise – daoine ar nós Polly Ní Cheallaigh, Nioclás Tóibín féin, Eibhlís Tóibín, Bean de Paor agus Máire Bateman, Bean Chúnúin – agus beidh meascán d’fhíseáin agus de chlostéipeanna á úsáid aici sa chur i láthair.

Chomh maith le Scéalta agus Seanachas, tá trí shaothar filíochta foilsithe ag Áine, mar atá: Aistear Aonair, An Liú sa Chuan agus Ar an Imeall. Tá cúig shaothar ficsin léi foilsithe, mar atá: Crúba na Cinniúna agus Uisce faoi Thalamh (dhá úrscéilín don fhoghlaimeoir fásta); Pincí sa Ghaeltacht agus Labhair Amach.com (scéalta do dhéagóirí) agus Éalú (úrscéal do dhaoine fásta). Tá mórán duaiseanna liteartha buaite aici agus staidéar á dhéanamh ar chuid dá saothar anois sna scoileanna.

Sraith chainteanna is ea Tionól na nDéise, a eagraíonn Oifig na Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge in áiteanna éagsúla ar fud an chontae gach bliain. Tá Tionól na nDéise na Rinne á n-eagrú i gcomhar le lucht eagraithe Thionól Niocláis Tóibín agus tá sé mar chuid de chlár iomlán imeachtaí ceoil, amhránaíochta agus scléipe a bheidh ar siúl sa Rinn thar an deireadh seachtaine ar fad.

Mar sin, beidh fáilte roimh gach aoinne chuig Coláiste na Rinne ar an Satharn, 8 Feabhra ar a 2.30i.n. don ócáid saor in aisce seo, ag a ndéanfar cheiliúradh ar ár dteanga, ár n-oidhreacht agus ár stair dhúchasach.

For further information please contact Máire Seosaimhín Breathnach, Irish Officer, Waterford City & County Council on Tel: +353 (0)761 10 2884 or via E-mail: [email protected].

Time

(Saturday) 2:30 pm - 5:00 pm(GMT+00:00)

View in my time

Location

An Rinne

Rinn Ua gCuanach, Phort Láirge, Eire

Other Events

Get Directions